Monday, May 26, 2008

Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh

Scáthghrúpa Ghaeilge do S.A.M

Is cúis mhór áthais do Ghlór na nGael gur ghlac formhór rannpháirtithe na comhdhála “Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh” go bhfuil gá le scátheagras a bhunú a dhéanfaidh comhordnú ar obair na ngrúpaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a dhéanfaidh ionadaíocht thar a gceann i réimse leathan oibre.

Ag déanamh cur síos ar an gcomhdháil a eagraíodh i Nua-Eabhrac thar deireadh seachtaine 16-18 Bealtaine 2008, dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann:

“Bhí sé soiléar ón méid a tugadh le fios ag an gcomhdháil go bhfuil an-éileamh ar an dtalamh i measc grúpaí Gaeilge do scáthghrúpa nua mar seo. Míníodh don chomhdháil nach féidir leis na grúpaí deonacha tabhairt faoi mhúineadh na Gaeilge agus, ag an am chéanna, tabhairt faoi réimsí tábhachtacha eile oibre, ina measc, deontais a mhealladh ó fhoinsí éagsúla, múinteoirí Gaeilge cáilithe a lorg ó Éireann agus poiblíocht a ghinniúnt sna meáin Bhéarla i Meiriceá agus in Éirinn.”

Thóg rannpháirtithe na comhdhála cinneadh “blog-spota” a thosnú ag tús mí an Mheithimh an bhliain seo agus na céimeanna gur gá a thógáil i dtreo scáthghrúpa nua a bhunú a phlé ar an mblog-spota sin.

Is é Glór na nGael a fheidhmeoidh mar áisitheoir ar an mblog-spota ar feadh trí sheachtain, am a dhéanfar cinneadh faoi bhunú, nó eile, scáthghrúpa nua.

Mhínigh Mac Gabhann: “Is iad na grúpaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe a dhéanfaidh cinneadh faoi bhunú, nó a mhalairt, an scáthghrúpa seo agus tabharfaidh Glór na nGael gach tacaíocht de pé cinneadh a thógfar.”

Poibleofar seoladh an bhlog-spota ar an 30 Bealtaine agus fáilteofar roimh plé leathan ar an ábhar tábhachtach seo don Ghaeilge.

17 comments:

Séamas Poncán said...

Ní dóigh liom go bhfuil a fhios ag fórmhór na rannpháirtithe gur ghlac siad leis sin, mar ní dhearnadh an plé sin ina measc. Mar sin, ba mhaith liom a thuiscint cad tá i gceist go díreach. Cad a bheadh ann dúinn má bhíonn scátheagras ann, nach bhfuil againn cheana? Cén chumhacht a bheadh aige? Cén diféar a bheadh ann idir sin agus cónascadh (rud a mholaim féin dúinn)?

Aralt Mac Giolla Chainnigh said...

Tionól na Gaeilge Idirnáisiúnta

Tá dlúthceangal le hÉireann thar a bheith tábhachtach do ghrúpa ar bith a bhfuil aidhm aige an Ghaeilge a chur chun chinn taobh amuigh d’Éirinn. Caithfidh na grúpaí bealaí cumarsáide le heagraíochtaí in Éirinn a choimeád oscailte agus beo, chun leas a bhaint as na hacmhainní atá le fáil in Éirinn.

Is nós liom féin dul go hÉirinn beagnach gach samhradh chun gnó den chineál sin a dhéanamh thar cheann Cumann na Gaeltachta (Gaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir). Déanann ionadaithe ó ghrúpaí éagsúla i Meiriceá Thuaidh amhlaidh. Oibríonn sin go point, ach is taistil fada ó cheann go ceann na tíre in Éirinn, agus bíonn daoine ar laethanta saoire go minic sa samhradh.

An moladh atá agam ná Tionól na Gaeilge Idirnáisiúnta a reáchtáil gach bliain in Éirinn. Nílim ag smaoineamh faoi comhdháil de chineál “Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh” ach cruinniú ghnó le hionadaí nó beirt ó gach ceann de na tíortha is mó atá ag cur na Gaeilge chun chinn: an Bhreatain (1 nó 2), Mór-roinn na hEorpa (1 nó 2), An Astráil (1 nó 2), Ceanada (1 nó 2), Na Stáit Aontaithe (5 b’fhéidir). Bheadh deis ag na ionadaithe sin dul díreach i dteagmháil lena príomh-eagraíochtaí chur-chun-chinn na teanga in Éirinn. Dá mbeadh tionól den saghas sin ann, bheadh gach tír in ann a ionadaithe féin a cheapadh sa bhealach is éifeachtaí dóibh. Seans go spreagadh sin leibhéal nua comhoibriú idir eagraíochtaí taobh istigh de gach tír.

Más féidir an fóram seo glacadh le rún go mbeadh Tionól na Gaeilge Idirnáisiúnta á reáchtáil achan bliain, molaim go ndréachtaítear an rún mar litir, sínte go leictreonach ag na daoine a d’fhreastail ag “Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh”. Bheadh an litir á sheoladh don Coiste Dála atá ag ceapadh plean 20 bliana sochaí dhátheangach a chruthú in Éirinn. Táim cinnte de nach mbeidh Briain Cowen ag fanacht níos mó ná bliain eile sular seiftítear agus cuirtear i bhfeidhm an plean. Má tá Tionól na Gaeilge Idirnáisiúnta mar chuid den phlean cuimsitheach, bheidh todhchaí an bealach comhoibriú seo slán, agus torthúil ar an dá thaobh.

Bheadh acmhainn airithe de dhíth chun an Tionól a reáchtáil gach bliain. Go hidéalach, molfainn go mbeadh duine faoi leith ceaptha mar Ambasadóir na Gaeilge Idirnáisiúnta, chun an Tionól bliantúil a stiúrtha, chun freastal ag oireachtais (mar “Oireachtais Cheanada”) i dtíortha éagsúla agus chun idirghabháil a dhéanamh go ginearálta idir grúpaí taobh amuigh agus taobh istigh d’Éirinn.

Níl an phlean seo dodhéanta in aon chor. Tá leagan cosúil leis i bhfeidhm cheana i gcúrsaí cultúir faoi stiúir Comhaltas Ceoltóirí Éireann (CCE). I Meiriceá Thuaidh tá Comhaltas ag reáchtáil ollchruinnithe ag leibhéal áitiúil (craobhacha CCE), ina dhiaidh sin ag leibhéal na réigiúin, agus ina dhiaidh sin ag leibhéal cúigeach. Faoi dheireadh tá cruinniú an Ardchomhairle ann i mBAC le toscairí ó gach cúige (Ulaidh, Laighin, Mumhain , Connacht, Meiriceá Thuaidh, agus An Bhreatain).

Achoimre: Molaim go reáchtlófaí Tionól na Gaeilge Idirnáisiúnta go bliantúil in Éirinn le hionadaithe ó: na Stáit Aontaithe; an Bhreatain; Mór-roinn ná hEorpa; an Astráil; Ceanada; An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí éagsúla chur-chun-chinn na teanga in Éirinn.

Séamas Poncán said...

Nílim féin cinnte go mbeadh an t-am agus an t-airgead ag gach eagraíocht chun é seo a dhéanamh. Ach nach mbeadh sé go breá dá mbeadh tionól mar seo againn ar an idirlíon, fiú níos minice? Dá mbeadh córas teileacomhdhála ar fáil (ar an idirlíonn), bheimis in ann bualadh le chéile go minic, agus le daoine sa Ghaeltacht. Nach bhfuil córas mar seo ag Bard na nGleann cheana féin? An mbeadh airgead ar fáil dúinn áis a bhaint as sin?
Gach uair a smaoiním féin ar scátheagras, smaoiním go bhfuil gach talann agus achmhainn ar fáil ag na grúpaí éagsúla cheana féin, ach tá géarghá againn lena chéile. Mar shampla, is féidir linne ag Cumann Carad na Gaeilge fógraíocht agus teagmháil idirlín a dhéanamh go maith. Is féidir le Daltaí na Gaeilge daoine a bhailiú le chéile agus eachtraí beo a chur le chéile. Is féidir le hAralt áit bhuan a tógáil mar lárionad na Gaeilge. Is féidir le Glór na nGael comórtais agus tionóil a eagrú. Is féidir le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge airgead a fháil agus áiseanna eile a sholáthair. Agus araile. An rud atá de dhíth, dar liom, sin slí chun feidhm a bhaint as talann gach grúpa (agus gach duine). Nílim cinnte cén chaoi is fearr chun sin a dhéanamh.

Lorcán Mac Gabhann said...

Chuir Séamas ceist faoi cad a bheadh ann do na grúpaí a bheadh ag feidhmiú faoi scátheagras nach bhfuil acu cheana agus cén chumhacht a bheadh aige agus cén difear a bheadh ann idir sin agus cónascadh.

Seo m'iarracht len iad sin a fhreagairt -

Faoi chónascadh ní bheadh aon neamhspléahas ag na grúpaí agus ní bheadh aon údarás acu ar an gcuid oibre féin. (Ní mholfainn sin.)

Maidir le cén cumhacht a bheadh aice - ní bheadh aon chumacht aici nach mbeadh bronnta uirthi ag na baill. (Féach Comhdáil Náisiúnta na Gaeilge)

Maidir le cad a bheadh ann do na grúpaí - molaim go mbeadh na dualgais seo a leanas uirthi;

Feidmiú mar láraonad comhairliúcháin, Foram ar-líne fadtéarmach a bhainistiú, Comhtreanáil a chur ar fáil do na grúpaí, Iris míosúil comónta a fhoilsiú, Stocaireacht leis an rialtas anseo in Éireann chun aitheantas a bhaint amach do na grúpaí, Múinteoirí a aimsiú agus a fhostú do na grúpaí éagsúla, Foinsí deontas a aimsiú agus deontas a lorg do ghrúpaí, Profíl gluaiseacht na Gaeilge a ardú sna meáin , go háirithe na meáin Béarla, in Eireann agus i Mheiriceá, Fadhbanna comónta a phlé agus a réiteach, agus nithe eile de réir mar a thagann na baill anios leo.

Dár ndóigh d'fhéadfaí iad seo ar fad a chur ar chlár an pow-wow atá á mholadh ar Aralt chuile bhlian.

Gearóid Ó Ceallaigh said...

Dia 's Muire dhaoibh, a chairde.

Bhí comhdháil ar fheabhas againn. Chasamar ar dhaoine maithe agus d'fhoghlamar faoi imeachtaí/eachtraí iontacha atá ar siúl acu. An-chabhrach ar fad.

Anois is féidir linn caint ar aon phlean buan atá uainn do Mheiriceá Thuaidh. Go hiontach!

Bím ag smaoineamh air seo ón gcomhdháil. D'fhoghlaim mé ar scoil (chomh fada siar agus atá siar ann) go gcaithfimid tosnú le cuspóirí i mbunú aon eagraíochta neamhbhrabúsaí. B'fhéidir nach féidir liom aon rud eile a chuimhniú ó na laethanta sin, ach BLD, is cuimhin liom é sin!

Mar sin, tháinig mé faoi dheireadh go dtí an smaoineamh go gcaithfimid sainaithint ar dtús cad atá briste anseo i Meiriceá Thuaidh ionas gur féidir linn sainaithint agus aontú cad a chaithfimid deisiú. Leis sin sainaithinte agus aontaithe, is féidir linn cur síos ar éilimh / gánna / cuspóirí / 7rl., agus ansin is féidir linn cur síos ar réiteach sásúil chun na héilimh / gánna / cuspóirí sin a chomhlíonadh, agus ansin is féidir linn aontú ar an réiteach. B'fhéidir go mbeadh an réiteach sin ina eagras, nó líonra, nó suíomh, nó aon rud eile atá uainn, ach sílim go gcaithfimid tosnú leis an gceist (.i. Cad atá briste go géar / Cad iad ár ngéarghánna anseo i Meiriceá Thuaidh?) roimh gur féidir linn caint faoi réiteach. B'fhéidir go dtiocfaimid amach ag an áit a réimhfheiceann cuid againn cheana féin, ach tá an próiséas tábhachtach freisin.

Feicim a lán briste anseo i Meiriceá Thuaidh. Mar shampla, tá scóranna (nó céadta?) de ranganna agus grúpaí na Gaeilge as teagmháil. Níl a fhios acu fiú amháin go bhfuil na cinn eile ann!

Smaoinfidh mé ar ghéirchinn eile. Ach go leor uaim don nóiméad seo ach é seo amháin - go raibh míle maith agaibh, a chairde ag Glór na nGael!

Le gach dea-mhéin, - Gearóid

Séamas Poncán said...

Is léir nach bhfuil gach duine a bhí ag an gcomhdháil sásta bheith páirteach anseo. B'fhéidir go mbeadh rud eile ní b'oiriniúnaí? Liosta r-phoist Yahoo, b'fhéidir? Tá sin an-éasca a dhéanamh. Úsáidtear sin i gCCnG.
Ní bheidh aon toradh fiúntach ar an bplé seo muna mbíonn roinnt mhór daoine páirteach ann, i mo thuairim.

Treaslaím leis an méid a scríobh Gearóid. Tosaímis leis sin, más féidir.

Unknown said...

Thug Lorcán liosta fada “dualgas” dúinn, agus is fiú cuid is mó acu. Ach ba mhaith liom a bheith cinnte go dtuigim i gceart é. An bhfuil Glór na nGael ag moladh oifig bhuan agus suite i Meiriceá Thuaidh le criú oibrithe ag obair inti?

Glór na nGael said...

Ó Lorcán Mac Gabhann:

Steveen. Is ceist an-mhaith í sin. Níl Glór na nGael ag moladh rud ar bith don ghluaiseacht Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh. Dúirt mé go minic go bhfeidhmeodh Glór mar áisitheor do mhianta na gluaisteachta i Mheiriceá - más rud a rogha. Tabharfaidh Glór na nGael gach cúnamh más í fís na gcoistí atá ag feidhmiú i Mheiriceá go mbeidh oifig bhuan suite i Meiriceá Thuaidh le criú oibrithe ag obair inti - ach go dtiocfadh am moladh sin aníos agus níor tharla sin go fóil.

Maidir leis na "dualgais" - ní raibh ansin ach liosta samplach de na dualgais a d'fhéadfadh scátheagras nua tabhairt futhu thar cheann na gcoistí eile. Ach, arís, caitheadh moladh mar sin teacht ón ngluaiseacht i Mheiriceá agus níor tharla sin go fóill.

Tabharfaidh Glór gach tacaíocht do na moltaí a thiocfaidh tríd an bproiséis plé seo. Fiú má chinntear fanacht mar atá agus gan aon fhorbairt a dhéanamh sa treo seo

Liam Guidry said...

Ba mór an onóir liom caint ag an gComhdháil i Nua Eabhrac mar ionadaí Dhaltaí na Gaeilge. Bhí a lán ráite agam an lá sin, ach mara mhiste libh, tá cúpla focal breise agam anois. Cinnte go bhfuil na ceisteanna as ár gcomhair ana-tábhachtach do thodhchaí na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh. Tá sárobair déanta ag na grúpaí Gaeilge le blianta fada anuas, agus bheimis in ann i bhfad níos mó a dhéanamh fós le tacaíocht cheart ónár gcairde thar sáile. Tá smaointe breátha liostaithe anseo ag Lorcán, mar shámpla. Ach seo an cheist: Céard é an bhealach is fearr chun iad a chur i bhfeidhm? Roimh an Chomhdháil bhí dá smaoineamh leagtha amach romhainn: [1] “… oifig lárnach don Ghaeilge a bhunú i Meiriceá Thuaidh …” agus [2] “… gréasán oifigiúil a thosnú do na grúpaí uile atá ag plé le forbairt na teanga.”

Chun scéal gairid a dhéanamh de, bheadh oifig lárnach níos áisiúla ná scátheagras (nó ‘gréasán oifigiúil’ nó ‘scáthghrúpa’). Ceapaim fhéin go mbeadh níos mó oibre ná tairbhe ag baint le scátheagras. Tá ár ndóthain grúpaí agus cruinnithe againn cheana fhéin. Cur i gcás an taithí atá ag Daltaí na Gaeilge, mar shámpla. Tá teagmháil agus comhoibriú againn le cumainn ar fud na Stáit agus Ceanada – chomh fada agus féidir – agus tá sé sin ag dul i méid in aghaidh an lae. Anois sa bhForam Plé seo, tá muid ag caint faoi thionscnaimh saothracha nua. (Smaoinigh ar liosta Lorcáin, nó na moltaí a bhí ag Daltaí na Gaeilge ag an gComhdháil.) Ní féidir le “scátheagras” obair ar bith a dhéanamh. Déanann daoine an obair. An rud atá ag teastáil ná deis chun bheith ag obair níos éifeachtaí. Agus sin an áit gur féidir le oifig lárnach a thíocht isteach. Níl aon gheall againn go mbeadh oifig lárnach rathúil, ar ndóigh, ach tá sé soiléir nach féidir linn an obair bhreise a dhéanamh gan oibrithe. Pé áit is a bhíonn na hoibrithe, sin “an oifig”. Ach cá háit? Áit éigin i Meiriceá Thuaidh, ar ndóigh.

Tá mé thar a bheith amhrasach go n-éireoidh le hoifig thar lear ar chor ar bith. Le bheith rathúil, bheadh ar oifig lárnach a bheith ag obair go pearsanta agus go rialta leis na coistí áitiúla. Bheadh ar na daoine ag obair in oifig mar sin dul amach chuig na grúpaí, ag freastail ar na cláir Gaeilge le feiceáil agus le fhóghlaim céard atá ag teastáil uathu agus chun smaointe tairbheacha a roinnt idir na coistí. Dá mbeadh an oifig ag obair ar son scátheagrais, ag cur cruinnithe le chéile agus mar sin de, ní bheadh mórán ama fágtha acu chun aon rud eile a dhéanamh.

Ní bheadh scátheagras abálta an obair dhian atá de dhíth orainn a dhéanamh. ‘Sin oifig áitiúil atá ag teastáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn anseo i Meiriceá Thuaidh. ‘Sin mo bharúil, ar aon chuma.

Séamas Poncán said...

Mura mbíonn oifig againn, le Gaeilgeoirí líofa ag obair ann, ba chóir oifigigh a bheith ar fáil, ar aon nós. B'fhearrde iad a bheith i láthair anseo, ach sílim gurb fhédir mórán a dhéanamh le teicneolaíocht nua mar atá ag Bard na nGleann, freisin.

Mike Newell said...

Aontaímid i gCumann na Gaeilge i mBoston le bunú na h-oifige lárnaigh i Meiriceá, a mbeadh na cúramaí agus dualgaisí uirthi a luaigh Lorcán níos túisce. Feictear dúinn go mbeadh a léithid tairbheach chun na grúpaí éagsúla a cheangal le chéile, cumarsáid a spreagadh eatarthu, agus a gcuid módhanna éifeachtacha oibre a roinnt ar a chéile. Chomh maith leis sin, ba mhór an mhisneach dúinne an cineál sin údaráis a bheith in aice láimhe ag cuidiú linn, agus ag tabhairt aitheantais don obair atáimid a dhéanamh.

Ní fheicimid an gá lena lán cruinnithe agus comhdhálacha. Is iad na grúpaí féin agus a gceannas a chinnteoidh rath nó cliseadh na h-iarrachta, agus de réir cosúlachta, tá an ceannas sin ann cheana féin. Níl de dhíth orthu ach cabhair.

Maidir le múinteoirí cáilithe as Éirinn, ní fheicimid an chruóg sin in aon chor--i mBoston ar chuma ar bith. Tá togha na múinteoirí anseo cheana féin, Meiriceánaigh go leor acu a bhfuil tuiscint mhaith acu ar a meon agus a mbealaigh féin, agus a bheadh níos éifeachtaigh dá thairbhe.

Mar sin, ní fheicimid aon rud mícheart le oifig nó údarás a sholáthradh cúnamh dúinn, nó a mholfadh athraithe dá mbeadh gá leo ó am go h-am.

Táimid buíoch as ucht an seans a bheith páirteach sa bhfóram seo, agus guímid gach rath ar bhur gcuid oibre.

Glór na nGael said...

Ó Sean Mac Diarmada:

Taim i leith ar son an scath-gruga a bhunu agus molaim leis an smaoineamh

Go mo leith sceal ar an moill.

Buiochas

Sean Mac Diarmada.

Séamas Poncán said...

Más mian libh an comhrá seo a choimeá beo (agus tá súil agam go mb'amhlaidh), tá fáilte romhaibh ag daltai.com agus scoilgaeilge.org/liosta. Agus más maith le héinne, bíonn fáilte romhaibh ag philo-celtic.com freisin.

An Cabhain Abu said...

Fis Gaeilge Mheiricea Thuaidh comhdhail

Mhaith thu

Traolach O' Connaghtai

Traolach said...

Feictear domsa go bhfuil dha ghluaiseacht na Gaeilge ann ag oibriu gan spleachas da cheile i lathair na huaire: an ghluaiseacht in Eirinn agus a macasamhail anso i Meiricea. Dob e an toradh ba mho ar an gcomhdhail i Nua Eabhrac, dar liom, na gur tugadh baill na da ghluaiseachta ud le cheile don chead uair ag ceapadh slite nua chun oibriu as lamha a cheile. Tosach maith ab ea e, ach ni raibh ann ach tosach. Braithim da reir sin nach mor duinn a bheith ciallmhar tomhaiste sna cuspoiri a chuirfimid romhainn. Ni doigh liom gur ga aon eagraiocht nua a cheapadh, aon oifig larnach a lonnu, no aon scatheagras a thabhairt ar an saol go foill.Is tabhachtai go mor an ceangal le hEirinn is le saol agus cultur na Gaeilge in Eirinn a neartu is a fhairsingiu. Ta cairde againn thall ata sasta foirthint orainn in sa churam so. Luaim Glor na nGael ach go hairithe, os iad is mo ata laistiar den bhfiontar so. B'fhiu mar thosach a dhul i bpairt le Glor na nGael chun aird an phobail in Eirinn a thabhairt ar an obair dhiamhair atathar a dheanamh anso i Meiricea ar son na Gaeilge le blianta beaga anuas. Is tri Ghlor na nGael leis is feidir teacht teacht ar na hacmhainni duchais a theastaionn chun dlus a chur leis an ngluaiseacht abhus. Ta se raite ag Lorcan cheana go mbeadh Glor na nGael foirthint orainn ar an gcuma san. B'fhearr liom a bheith ag ple le heagraiocht amhain ar an dtalamh in Eirinn na le scata acu no le hoifig larnach in ait eigin anso i Meiricea. Cur amu ama, dua is airgid eagraiocht nua a cheapadh ag an bpointe so, dar liom.
Bimis ag babhtail eolais lena cheile, ag neartu na nasc, ag oscailt linte nua cumarsaide fos agus oibriu as lamha a cheile chun dan an Gaeilge ar an da thaobh don loch a dheimhniu. Beidh a fhios againn i gceann bliana a mbeidh run eigin nios foirmeailte ag teastail, agus ma ta, is feidir an sceal sin a phle in am trath.
Sin a bhfuil uaim go foill,
Beir bua,
Traolach

Hilary de Bhál, bean Mhic Suibhne said...

Rud iontach a tháinig amach ón gComhdháil seo, dar liom, ná gur n-admhaítear go coitianta anois an méad a tá ar siúl timpeall na tíre seo le tamall fada anuas maidir leis an teanga.
Is í an difríocht is mó idir ár gcuid oibre anseo agus an ghluaiseacht in Éireann déarfainn ná gur obair deonach ar an iomlán atá i gceist anseo. Tagann na “himreoirí” ó na cumainn difriúla le cheile go minic cabhair a thabhairt le imeachtaí agus ranganna srl; déanann gach duine a dhícheall agus bíonn craic nach beag againn le cheile chomh maith. Ní bhíonn comórtas ann agus is neart faoi leith é sin. Is cúis alltachta domsa i gcónaí torthaí na hoibre seo a fheiscint.
Is féidir a bheith ag caint go deo ach d’éirigh leis an comhdháil seo cúpla ceist (simplí go leor dar liom!)a chur os ár gcomhair agus is léir go bhfuil dea-mhéin thaobh thiar na ceisteanna seo.
1) An bhfuil cabhair uainn uathu?
2) Má tá, cén saghas?
Conas gur féidir leo siúd cabhair a thabhairt dúinne spiorad an chomhoibrithe a cothú agus as sin suim sa teanga a mhéadú as lámha a cheile…... Ní neart go cur le cheile agus má bhíonn freagra dearfach le tabhairt ar uimhir a haon anseo, nach bhfuil dualgas orainn sa tír seo teacht aníos le freagra na ceiste a dó thuas? Le sonraí !………..Tá Glór na nGael agus a chomh bhádóirí ag fanacht orainn, an bhfuilimid toilteanach an cheist a fhreagairt le cheile ?

Mar atá luaite ag Traolach thuas níl anseo ach tús na cumarsáide.
le meas,
Hilary

tomf32 said...

B'fhéidir gur fiú eagraíocht a chur ar fáil chun airgead a bhailiú go lárnach don nGaeilge sa tslí go mbeadh daoine ábalt ar airgead a thabhairt cáin saor don nGaeilge i Meiriceá Thuaidh. Bheadh an bord ar an ngrúpa sin ábalt ar cuid don obair atá molta don scáthghrúpa a dhéanamh agus bheadh seans níos fearr go mbeadh cumacht acu le lucht na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh a eagrú. Tá na moltaí don bord sin curtha agam ar an snaithín eile ar an blog seo.

Tomás Mac Gearailt