Wednesday, May 28, 2008

Foram Plé

A Chairde,

Mar is eol do chách faoin am seo, eagraíodh comhdháil dheireadh seachtaine i Nua Eabhrach le déanaí chun plé a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge i dtuaisceart Mheiriceá. Bhí freastal iontach maith ar an gcomhdháil agus labhair daoine faoin a gcuid oibre agus na dúshláin atá rompu sna blianta amach romhainn. Rinneadh an tuafás plé faoi na nithe atá bainte amach le blianta beaga anuas agus ar na deacrachtaí atá le sárú má tá dul chun cinn le déanamh. Mar shampla míníodh nach acmhainn do ghrúpaí deonacha atá ag múineadh na Gaeilge i Mheiriceá tabhairt faoi nithe eile tábhachta, ina measc, foinsí maoinithe a lorg agus iarratais a scíobh do dheontais.

Tógadh cinneadh ag deireadh na comhdhála gur chóir “foram plé ar-líne” de chineál éigin a oscailt agus ligint dóibh siúd a d’fhreastal ar an gcomhdháil (agus daoine nár éirigh leo freastal uirthi) a dtuairimí a nochtadh faoi bhunú struchtúir “scáthghrúpa” a fheidhmeodh ar son na grúpaí eagsúla ar fud S.A.M.

Beidh tréimhse sealadach ag 3 sheachtain ag an mblogspota fisghaeilge.blogspot.com agus ag deireadh an tréimhse sin cuirfear na motlaí uile le chéile agus tógfar cinneadh faoin gcéad chéim eile. Más cinneadh é scáthghrúpa a eagrú beidh Glór na nGael sásta bheith mar áisitheoir do chruinniú eile agus déanfar na socruithe cuí.

Cuirtear fáilte roimh thuairimí…………….

Le gach dea-mhéin,
Lorcán Mac Gabhann

5 comments:

Séamas Poncán said...

Tá sé go breá go bhfuil an fóram seo ar fáil againn. Ba chóir fóram buan a bheith ann ar ball, ionas go mbeimid in ann caint lena chéile go rialta.

le meas,

Séamas Ó Neachtain

Darren J. said...

Is maith an rud é seo, gan amhras.

Ach ní dóigh liom go bhfuil clár oibre maith agaibh in Eirinn cíbe rud faoi sna Stáit Aontaithe.

Tá sibh ag obair i roinnt áiteanna ar an dtalamh in Eirinn ach ba chóir go mbeadh proifil mhór agaibh go náisiúnta i leith polaisaithe mhaith do teanga.

Céard faoi polaisaithe i bhfabhar:

1) Stáisiún raidió don lucht óg- 2FM i nGaeilge.

2) Coistí ainmeacha i ngach comhairle chun ainmeacha oiriúnach a chur ar forbairtí cónaithe nua.

3)Daltaí a bheith in ann stáidear le leabhair Gaeilge i ngach ábhar ar scoil.

Le dea-mhéin

Darren

Daithí said...

Cúpla moladh:

1.) Cuirigí áiritheoir amas ar an mblag seo.

2.) Cuirigí naisc do Ghlór na nGael agus do na ghrúpaí eile a ghlac páirt sa Chomhdháil.

tomf32 said...

Ba mhaith liom a mholadh gur cheart eagríocht lárnach a chur ar fáil chun airgead a bhailiú don nGaeilge. Chuireas féin agus Pat Lewis, dlíodóir ó Wash DC, an Irish Language Foundation (www.irishlanguagefoundation.org) ar siúl cúpla bliain ó shin agus tá stáideas Cáin Saor bainte amach cheana dó. Ní raibh am againn dul níos sia ná san go dtí seo.

Ba mhaith liom a mholadh go n-úsáidfaí an eagríocht sin agus bord a chur le chéile chun é stiúr a thabhairt do. Cheapainn go mbeadh beirt ó ollscoileanna ar an mbord, duine ó Daltaí na Gaeilge,
duine go bfhuil taithí aige ar eagríochtaí cáin saor. Cheapainn freisin go mbeadh gá le dlíodóir, b'fhéidir Pat Lewis féin, duine a bfhuil baint aige le rialtas na h-Éireann (m.s. Glór na nGael, duine le taithí gnó, agus duine a bfhuil mór-aithne (high profile) air/uirthi.

Fáilte roimh smaointe.

Tomás Mac Gearailt