Tuesday, June 24, 2008

Gaeilge Mheiriceá Thuaidh

24 Meitheamh 2008

Gaeilge Mheiriceá Thuaidh

A Chairde,

Go raibh maith agaibh as ucht bhur moltaí agus smaointe a chur in iúl ar fisghaeilge.blospot.com le déanaí. Léiríonn na moltaí a rinneadh ar an mblogspota go bhfuil spéis áirithe ann maidir leis an Ghaeilge agus forbairt na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.

Is féidir na moltaí a rinneadh a léamh ar
fisghaeilge.blogspot.com, ach seo a leanas achoimre ar na moltaí sin;

  • …go reáchtálfaí Tionól na Gaeilge Idirnáisiúnta go bliantúil in Éirinn le hionadaithe ó: na Stáit Aontaithe; an Bhreatain; Mór-roinn ná hEorpa; an Astráil; Ceanada; An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí éagsúla cur-chun-chinn na teanga in Éirinn. Go ndréachtfaí an rún seo mar litir, sínte go leictreonach ag na daoine a d’fhreastail ar “Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh” agus an litir a sheoladh chuig an gCoiste Dála atá ag ceapadh plean 20 bliain le sochaí dhátheangach a chruthú in Éirinn.

  • …go mbeadh duine faoi leith ceaptha mar Ambasadóir na Gaeilge Idirnáisiúnta, chun an Tionól bliantúil a stiúradh, chun freastal ar oireachtais agus cruinnithe eile (mar shampla “Oireachtais Cheanada”) i dtíortha éagsúla agus chun idirghabháil a dhéanamh go ginearálta idir ghrúpaí taobh amuigh agus taobh istigh d’Éirinn.

  • …oifig lárnach a bhunú in áit scátheagras. Moltar an oifig sin a bheith lonnaithe sna Stáit Aontaithe le freastal ar choistí timpeall na tíre.

  • …scáthghrúpa a bhunú

  • …an comhrá seo a choinneál beo ar shuíomh daltaí.com nó ar scoilgaeilge.org/liosta nó ar shuíomh philo-celtic.com

  • …Moltar gan scáthghrúpa nó oifig lárnach a bhunú. Moltar a bheith ag plé le heagraíocht amháin ar an talamh in Éirinn seachas le scata acu nó le hoifig lárnach i Meiriceá Thuaidh.

  • …eagraíocht a chur ar fáil chun airgead a bhailiú go lárnach don Ghaeilge ionas go mbeidh daoine príobháideacha ábalta airgead a thabhairt saor ó cháin don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh.

Smaointe/moltaí faoin dóigh is fearr le dul chun tosaigh;
Ceaptar gur fiú glacadh leis an tairiscint a rinneadh maidir le húsáid a bhaint as an eagraíocht
www.irishlanguagefoundation.org. Tríd an eagraíocht seo d’fhéadfaí staidéar féidearthachta a dhéanamh ar na;

  • foinsí tacaíochta príobháideacha, corparáideacha agus stáit a bheadh ar fáil don Ghaeilge sna Stáit Aontaithe.
  • an fiúntas, nó a mhalairt, a bhaineadh le hOifig Lárnach don Ghaeilge a bhunú le haghaidh forbairt na Gaeilge a mheas.
Ba ghá Bord Stiúrtha a cheapadh a rachadh i mbun an staidéir seo agus seans go mbeadh spéis ag rannóg stáit anseo in Éirinn tacaíocht a chur ar fáil don staideár seo. Ceaptar gur fiú idir 6-10 duine a cheapadh ar an gcoiste seo ar feadh tréimhse nach rachadh thar bhliain amháin.

D’fhéadfadh an grúpa seo tuairisc a ullmhú ar thorthaí a gcuid oibre. Bhainfí úsáid as modhanna teileachumarsáide leis an obair seo a chur chun tosaigh, don chuid is mó. Beidh Glór na nGael sásta an obair seo a éascú agus suíochán a ghlacadh ar an bhfondúireacht, ach beidh ar dhaoine, nó eagrais, bheith sásta iad féin a chur ar fáil freisin.

Ceann de na moltaí a rinneadh níos minicí ná aon mholadh eile faoin gcomhdháil “Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh” ná gur thug sí deis do dhaoine aithne a chur ar a chéile agus foghlaim óna chéile. Bunaithe ar an aiseolas seo ceaptar gur fiú Comhthionóil Ghaeilge a reachtáil thar deireadh seachtaine áit éigin dhifriúil sna Stáit Aontaithe gach dara bliain i mí Bealtaine. Bheadh sé mar aidhm ag an gComhthionól seo daoine, idir ghníomhairí agus foghlaimeoirí na Gaeilge, a thabhairt le chéile sa dóigh go mbeadh deis acu aithne níb fhearr a chur ar a chéile. Ag glacadh leis go bhfuil na Stáit Aontaithe chomh mór sin ba ghá go n-eagrófaí an Comhthionól seo in áiteanna éagsúla chuile dara bhliain. Dá gcuirfí tús leis i mí Bealtaine 2010 i mBostún d’fhéadfaí é a eagrú ar chósta eile na tíre in 2012. Dár ndóigh, bheadh ar an gcoiste/cumann áitiúil bheith sásta bheith mar pháirtnéir áitiúil. Bheadh gnéithe shóisialta, foghlamtha agus gnó mar chodanna lárnacha den deireadh seachtaine seo.

Rinneadh an pointe go láidir gur dhá thír iomlán éagsúil iad Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus dá bharr gur chóir iad a scarúint óna chéile. Mar sin moltar do na cumainn i gCeanada féachaint go géar ar na moltaí a rinneadh i leith na tíre sin. Arís, bheadh Glór na nGael sásta gach cabhair agus cúnamh a thabhairt do na moltaí a rinne Aralt Mac Giolla Cheannaigh ar an ábhar seo.

Iarrtar ar dhuine ar bith gur spéis leo na smaointe faoi Chomhthionóil Ghaeilge gach dara bhliain agus faoi www.irishlanguagefoundation.org teagmháil a dhéanamh le Daragh Ó Tuama ar daragh@glornangael.ie nó tuairimí a nochtadh ar bhlogspota www.fisghaeilge.blospot.com.
Thar cheann Glór na nGael ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa phróiseas seo. Tá súil agam nach bhfuil an comhoibriú ach ina thús.

Le meas mór
Lorcán Mac Gabhann

Wednesday, May 28, 2008

Foram Plé

A Chairde,

Mar is eol do chách faoin am seo, eagraíodh comhdháil dheireadh seachtaine i Nua Eabhrach le déanaí chun plé a dhéanamh ar fhorbairt na Gaeilge i dtuaisceart Mheiriceá. Bhí freastal iontach maith ar an gcomhdháil agus labhair daoine faoin a gcuid oibre agus na dúshláin atá rompu sna blianta amach romhainn. Rinneadh an tuafás plé faoi na nithe atá bainte amach le blianta beaga anuas agus ar na deacrachtaí atá le sárú má tá dul chun cinn le déanamh. Mar shampla míníodh nach acmhainn do ghrúpaí deonacha atá ag múineadh na Gaeilge i Mheiriceá tabhairt faoi nithe eile tábhachta, ina measc, foinsí maoinithe a lorg agus iarratais a scíobh do dheontais.

Tógadh cinneadh ag deireadh na comhdhála gur chóir “foram plé ar-líne” de chineál éigin a oscailt agus ligint dóibh siúd a d’fhreastal ar an gcomhdháil (agus daoine nár éirigh leo freastal uirthi) a dtuairimí a nochtadh faoi bhunú struchtúir “scáthghrúpa” a fheidhmeodh ar son na grúpaí eagsúla ar fud S.A.M.

Beidh tréimhse sealadach ag 3 sheachtain ag an mblogspota fisghaeilge.blogspot.com agus ag deireadh an tréimhse sin cuirfear na motlaí uile le chéile agus tógfar cinneadh faoin gcéad chéim eile. Más cinneadh é scáthghrúpa a eagrú beidh Glór na nGael sásta bheith mar áisitheoir do chruinniú eile agus déanfar na socruithe cuí.

Cuirtear fáilte roimh thuairimí…………….

Le gach dea-mhéin,
Lorcán Mac Gabhann

Monday, May 26, 2008

Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh

Scáthghrúpa Ghaeilge do S.A.M

Is cúis mhór áthais do Ghlór na nGael gur ghlac formhór rannpháirtithe na comhdhála “Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh” go bhfuil gá le scátheagras a bhunú a dhéanfaidh comhordnú ar obair na ngrúpaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe Mheiriceá agus a dhéanfaidh ionadaíocht thar a gceann i réimse leathan oibre.

Ag déanamh cur síos ar an gcomhdháil a eagraíodh i Nua-Eabhrac thar deireadh seachtaine 16-18 Bealtaine 2008, dúirt Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann:

“Bhí sé soiléar ón méid a tugadh le fios ag an gcomhdháil go bhfuil an-éileamh ar an dtalamh i measc grúpaí Gaeilge do scáthghrúpa nua mar seo. Míníodh don chomhdháil nach féidir leis na grúpaí deonacha tabhairt faoi mhúineadh na Gaeilge agus, ag an am chéanna, tabhairt faoi réimsí tábhachtacha eile oibre, ina measc, deontais a mhealladh ó fhoinsí éagsúla, múinteoirí Gaeilge cáilithe a lorg ó Éireann agus poiblíocht a ghinniúnt sna meáin Bhéarla i Meiriceá agus in Éirinn.”

Thóg rannpháirtithe na comhdhála cinneadh “blog-spota” a thosnú ag tús mí an Mheithimh an bhliain seo agus na céimeanna gur gá a thógáil i dtreo scáthghrúpa nua a bhunú a phlé ar an mblog-spota sin.

Is é Glór na nGael a fheidhmeoidh mar áisitheoir ar an mblog-spota ar feadh trí sheachtain, am a dhéanfar cinneadh faoi bhunú, nó eile, scáthghrúpa nua.

Mhínigh Mac Gabhann: “Is iad na grúpaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe a dhéanfaidh cinneadh faoi bhunú, nó a mhalairt, an scáthghrúpa seo agus tabharfaidh Glór na nGael gach tacaíocht de pé cinneadh a thógfar.”

Poibleofar seoladh an bhlog-spota ar an 30 Bealtaine agus fáilteofar roimh plé leathan ar an ábhar tábhachtach seo don Ghaeilge.