Is é Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, a bhuaigh céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael 2008.
Fógraíodh torthaí an chomórtais ar chlár Seán Bán Breathnach ar Raidio na Gaeltachta ag 9.20rn, 30 Eanáir.
Bhuaigh Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair €50,000 agus trófaí, aitheantas náisiúnta ar a bhain sé amach ag cur na Gaeilge chun cinn le linn 2008.
Is é Comharchumann Ráth Chairn, Co na Mí, a bhuaigh an dara áit agus duais de €12,500.
Ag moladh obair Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, dúirt bainisteoir Ghlór na nGael, Nóra Welby: “Tá an duais seo tuillte go maith ag Gaoth Dobhair as a bhfuil déanta ar son na Gaeilge sa cheantair, ní hamháin le bliain anuas ach le tréimhse de bhlianta.”
“Fuair Gaoth Dobhair marcanna arda faoi achan réimse den chomórtas. Tá moladh speisialta tuillte ag Cumann Lúthchleas Gael as ucht cáipéisíocht na heagraíochta a aistriú go Gaeilge.
“Tá Ógras ag feidhmiú sa cheantar agus is mór an cúnamh é an tOifigeach seo a bheith lonnaithe go háitiúil. Eagraítear neart imeachtaí ó cheolchoirmeacha go ranganna damhsa agus moltar an scoil cheoil atá idir lámha chomh maith.
“Gabhaim comhghairdeas leis an Chomhchumann agus céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael á bhuachan acu in éadan iomaíocht ghéar.”
“Is léiriú é buachaint na duaise seo ar an dul chun cinn suntasach atá ag tarlú i gContae Dhún na nGall le tamall anuas ó thaobh na Gaeilge de.
“I measc na buaiteoirí eile sa Chontae bhí :
• Coiste Forbartha Dhobhair a bhuaigh céad áit Leibhéal 3 sa Ghaeltacht, €5,000 agus Duais Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta €1,000;
• Comharchumann na nOileán Beag a bhuaigh Duais Iontaobhas Ultach €1,400 agus Duais na Comhairle Oidhreachta €1,500;
• Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille a bhuaigh Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall, €1,500;
• Comhairle Paróiste Chill Charthaigh a bhuaigh Duais Aithentais €1,000.”
San iomlán d’fhógair Glór na nGael duaiseanna de luach €150,000 beo ar Raidió na Gaeltachta.
I measc na mbuaiteoirí eile, bhuaigh an chomhlacht Samsung Trófaí na gComhlachtaí mar gheall ar na sheirbhísí a chuireann sé ar fáil trí mheán na Gaeilge.
Eagrófar Bronnadh Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael i nGaoth Dobhair ar 28 Márta 2009.
Friday, January 30, 2009
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
0 comments:
Post a Comment