Friday, January 30, 2009

Buann Gaoth Dobhair gradam náisiúnta

Is é Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, a bhuaigh céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael 2008.

Fógraíodh torthaí an chomórtais ar chlár Seán Bán Breathnach ar Raidio na Gaeltachta ag 9.20rn, 30 Eanáir.

Bhuaigh Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair €50,000 agus trófaí, aitheantas náisiúnta ar a bhain sé amach ag cur na Gaeilge chun cinn le linn 2008.

Is é Comharchumann Ráth Chairn, Co na Mí, a bhuaigh an dara áit agus duais de €12,500.

Ag moladh obair Chomhchumann Forbartha Ghaoth Dobhair, dúirt bainisteoir Ghlór na nGael, Nóra Welby: “Tá an duais seo tuillte go maith ag Gaoth Dobhair as a bhfuil déanta ar son na Gaeilge sa cheantair, ní hamháin le bliain anuas ach le tréimhse de bhlianta.”

“Fuair Gaoth Dobhair marcanna arda faoi achan réimse den chomórtas. Tá moladh speisialta tuillte ag Cumann Lúthchleas Gael as ucht cáipéisíocht na heagraíochta a aistriú go Gaeilge.

“Tá Ógras ag feidhmiú sa cheantar agus is mór an cúnamh é an tOifigeach seo a bheith lonnaithe go háitiúil. Eagraítear neart imeachtaí ó cheolchoirmeacha go ranganna damhsa agus moltar an scoil cheoil atá idir lámha chomh maith.

“Gabhaim comhghairdeas leis an Chomhchumann agus céad áit i gcomórtas Ghlór na nGael á bhuachan acu in éadan iomaíocht ghéar.”

“Is léiriú é buachaint na duaise seo ar an dul chun cinn suntasach atá ag tarlú i gContae Dhún na nGall le tamall anuas ó thaobh na Gaeilge de.

“I measc na buaiteoirí eile sa Chontae bhí :
• Coiste Forbartha Dhobhair a bhuaigh céad áit Leibhéal 3 sa Ghaeltacht, €5,000 agus Duais Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta €1,000;
• Comharchumann na nOileán Beag a bhuaigh Duais Iontaobhas Ultach €1,400 agus Duais na Comhairle Oidhreachta €1,500;
• Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille a bhuaigh Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall, €1,500;
• Comhairle Paróiste Chill Charthaigh a bhuaigh Duais Aithentais €1,000.”

San iomlán d’fhógair Glór na nGael duaiseanna de luach €150,000 beo ar Raidió na Gaeltachta.

I measc na mbuaiteoirí eile, bhuaigh an chomhlacht Samsung Trófaí na gComhlachtaí mar gheall ar na sheirbhísí a chuireann sé ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Eagrófar Bronnadh Náisiúnta agus Idirnáisiúnta Duaiseanna Ghlór na nGael i nGaoth Dobhair ar 28 Márta 2009.

Liosta na mBuaiteoirí do chomórtas 2008

An Iar-Ghaeltacht

Leibhéal 1
1ú Duais €2000 Glór Leamhcáin, Co. Átha Cliath
2ú Duais €1000 Cromghlinn, Béal Feirste, Co. Aontroim
Leibhéal 2
1ú Duais €3000 Glór na Ríogh, Co. Chill Dara
2ú Duais €1500 Glór Bhréifne, Co. an Chabháin
Leibhéal 3
1ú Duais €5000 Carn Tóchair, Co. Doire
2ú Duais €3000 Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin

An Ghaeltacht
Leibhéal 1
1ú Duais €2000 Tuar Mhic Éadaigh, Co. Maigh Eo
2ú Duais €1000 Corr na Móna, Co. na Gaillimhe

Leibhéal 2
1ú Duais €3000 Pobal Ghort a’ Choirce , Co. Dún na nGall
2ú Duais €1500 Coiste Forbartha Chill na Martra, Co. Corcaigh

Leibhéal 3
1ú Duais €5000 Coiste Forbartha Dhobhair, Co. Dún na nGall
2ú Duais €3000 Clochán Bréanainn, Co. Ciarraí



Na Duaiseanna Speisialta

An Iontráil Nua is Fearr
Pobal Mhuileann an tSiáin, Co. Tír Eoghain

Duais an Fháinne
Cumann Gaelach Chnoc na Rós, Doire

Duais an Leinster Leader
Glór Chluainín, Co. Liatroim

Duais ón Iontaobhas Ultach
Comharchumann na nOileán Beag, Co. Dún na nGall
Carn Tóchair, Co. Doire

Duais Ghaeleagras na Seirbhíse Poiblí
Glór na Ríogh, Co. Cill Dara

Duais Chomhluadair
Glór na Ríogh, Co. Cill Dara
Duais Chló Iar-Chonnachta
Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe
Inis Mór, Co. na Gaillimhe

Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall
Lár-Chomhairle Paróiste Ghleann Cholm Cille, Co. Dún na nGall

Duais Eagras na Scoileanna Gaeltachta
Coiste Forbartha Dhobhair, Co. Dún na nGall

Duais ón Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta
Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Duaiseanna Aitheantais
Comhar Chuigéal Teo. Co. na Gaillimhe
Cill Chárthaigh, Co. Dún na nGall

Trófaí na gComhlachtaí
SAMSUNG

Duais na Comhairle Oidhreachta – Togra
Sionainn, Co. an Chláir

Duais na Comhairle Oidhreachta - Foilseachán
Comharchumann na nOileán Beag, Co. Dún na nGall

Duais Choimisiún Chraolacháin na hÉireann
Raidió Pobail - West Limerick 102
Raidió Tráchtála - Clare FM

Duais Chonradh na Gaeilge
An Droichead, Béal Feirste, Co. Aontroim

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta
Carn Tóchair, Co. Doire

Gradam Ghlór na nGael
An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta

Leibhéal 4
1ú Duais €50,000 Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair Teo. Co. Dún na nGall
2ú Duais €12,500 Comharchumann Ráth Chairn, Co. na Mí
3ú Duais €7,500 An Clár as Gaeilge, Inis, Co. an Chláir

Global Gaeilge
1ú Duais Cumann na Gaeltachta, Ceanada
2ú Duais MILG, Manchester Irish Language Group, Manchain
3ú Duais Cumann Gaeilge na hAstráile, Melbourne

Tuesday, January 27, 2009

Clárú Ghlór na nGael

Tá Glór na nGael i mbun clárú coistí do chomórtas 2009.

Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí áitiúla Gaeilge timpeall na tíre gach bliain.

Tugann an comórtas aitheantas d'iarrachtaí gach pobail an teanga a chur chun cinn.

Clúdaíonn na coistí rannpháirteacha gach contae sa tír agus tá deich gcinn de thíortha éagsúla bainteach leis an gcomórtas domhanda, Global-Gaeilge.

Oibríonn cuid mhór de na coistí go deonach agus cruthaíonn an chuid eile fostaíocht do Ghaelgóirí na tíre seo.

Beidh torthaí 2008 á bhfógairt ag Seán Bán Breathnach ar Raidió na Gaeltachta ag 9.15rn 30 Eanáir.

Tá cóipeanna den fhoirm iontrála agus eolas faoi chritéir an chomórtais ar fáil ar suíomh idir líne Ghlór na nGael ag www.glornangael.ie.

Fógairt duaiseanna Ghlór na nGael

Craolfar torthaí Ghlór na nGael 2008 beo ar Raidió na Gaeltachta maidin Dé hAoine 30 Eanáir.

Beidh fógairt na dtorthaí ar chlár Seán Bán Breathnach ag 9.15rn 30 Eanáir.

Is é €50,000 luach na príomh-dhuaise. Inis, Contae an Chláir, a bhuaigh an duais mhór seo do 2007 agus beidh na coistí uile ar cipíní ag fanacht leis an scéal mór arís.

Ina iomlán, bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí deonacha áitiúla Gaeilge timpeall na tíre gach bliain.
Tugann an comórtas aitheantas d'iarrachtaí gach pobal an teanga a chur chun cinn.
Chomh maith leis an chomórtas pobail náisiúnta, beidh duaiseanna speisialta ag dul do na cumainn Ghaeilge is mó éifeacht thar lear.

Daltaí na Gaeilge i Nua-Eabhrac a tháinig sa chéad áit sa chomórtas idirnáisiúnta, Global Gaeilge, do 2007.

Tá comórtas speisialta eile do na cumainn ghaelacha i gcoláistí tríú léibhéal nach bhfuil an mholtóireacht air críochnaithe go fóill.

Fógrófar torthaí ar chomórtas na gcumann galeach sna coláistí tríú leibhéal lár mí Feabhra.

Is féidir tuilleadh eolais ar fáil ar r.phost ag fiosru@glórnangael.ie.

Thursday, January 15, 2009

Global Gaeilge 2009

Tá comórtas 2009 do Global Gaeilge ar oscailt anois. Is féidir foirm iontrála a fháil ar shuíomh ghréasáin Glór na nGael (http://www.glornangael.ie - sa rannóg "foirmeacha iontrála").

Beidh muid ag glacadh le foirmeacha go dtí an 1 Samhain 2009.

Le haghaidh tuilleadh eolais gabh chuig www.glornangael.ie.

Ádh Mór,
Daragh

Daragh Ó Tuama
Oifigeach Forbartha Glór na nGael

Sladmhargadh na hAthbhliana

Tá Glór na nGael ag tairiscint ‘sladmhargadh na hathbhliana’ le díolúchán leabhar dá gcuid a tseachtain seo le beart de chúig leabhar éagsúil ar phraghas leabhar amháin. Dar le Glór tá an iomarca caint faoi giorrúcháin, faoi cúlú eacnamaíochta agus faoi thitim luach an airgid. Mar sin, mar fhreagra ar fháithe an doirbhíochais, tá Glór na nGael ag díol na leabhar seo ar phraghas a chuirfidh mionghaire ar aghaidh an doirbhí is lú dóchais amuigh ansin, cúig theideal ar €10/£10 san iomlán!

I measc na leabhar tá leabhar trath na gceist le 2000 ceist ann, tá leabhar eile le tomhas agus crosfhocal agus cuardach focal ann, agus tá cóip sa bheartán darb ainm ‘An Bosca Beag Buí’ ina bhfuil treoracha chun 101 rud difriúil a dhéanamh le hábhar inathchúrsáilte. Bheadh an trí leabhar sin thar a bheith úsáideach i scoil nó naíonra/naíscoil nó go háirithe do teaghlaigh atá ag iarraidh gníomhaíochtaí Gaeilge a dhéanamh lena bpáistí.

Tá dhá leabhar eile sa bhailiúchán a chuirfeadh Gaeil ó fud fad an oileáin seo spéis ann: Léargas – Pobal na Gaeilge agus leagan Béarla de, Reflections. Foilsíodh an dhá leabhar seo i ndiaidh do Ghlór na nGael cuireadh a thabhairt do ghníomhaithe teanga agus oibrithe deonach nó fostaithe san earnáil Ghaeilge, a scéalta féin agus a dtaithí féin a insint chun snapshot a fháil ar shaol na Gaeilge le linn an chéad deichniúr den mhílaois nua.

I measc na n-altanna atá sa leabhar seo tá aistí ón ceithre chúige, idir cathracha agus tuaithe, idir Gaeltacht agus iarGhaeltacht, idir choistí seanbhunaithe agus grúpa atá ionadaíoch do na ‘Gaeil Nua’ na hinimrcigh atá ag iarraidh a ionchur féin a bheith acu ar fhabraic na Gaeilge san 21 Aois.

Tugtar blas duinn ar fhorbairt phobail agus comharchumainn sna haltanna ó Chonamara, ó Gaeltach Ráth Chairn i gContae na Mí agus ó Ghaeltach Uibh Ráthaigh, Ciarraí Theas. Léirítear an taithí ar leith atá ann do ghrúpaí atá ag tógail pobal Gaeilge, nó ag cosaint pobal Gaeilge ó iomruathar an Bhéarla i gceantair faoin tuath. Sna haltanna ó na cathracha léimid scéal atá éagsúil nó tá na coinníollacha éagsúil óna coinníollacha faoin tuath ach tá gnéithe eile atá difriúil sna scéalta ó thuaidh agus ó dheas comh maith. Tá alt faoi stair An Droichead sa Trá Gearr i mBéal Feirste, alt eile ar an Ghaeilge i nDoire, altanna ar Ghaeil Cheatharlaigh agus glúin Ghaeilge i gCluain Dolcáin i nDeisceart Bhaile Átha Cliath. Bainfidh daoine atá ag beartú Gaelscoil a chur ar bhun spéis sna haltanna ó Oirthear na Gaillimhe agus an Srath Bán. Chuirfeadh léitheoirí eile spéis i smaointe iarPhríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Sheosamh Mhic Dhonncha ina alt faoi phleanáil agus obair Fhoras na Gaeilge féin.

Mar a dúirt mé, tá na leabhair seo á dtairiscint anois mar ‘sladmhargadh’ agus is cuma má’s duit féin iad nó mar bhronntanas do dhuine ar ndearnadh tú dearmad bronntanas a cheannach dó nó dí um Nollaig, ‘seo deis gurbh fhiú a ghlacadh. Tá na leabhair ar fáil ó oifig nó go deimhin oifigigh Ghlór na nGael ar €10/£10 moide postas ach glaoch a chur ar 0469430974 nó is féidir iad a cheannach ar líne tríd www.glornangael.ie.

Tuesday, June 24, 2008

Gaeilge Mheiriceá Thuaidh

24 Meitheamh 2008

Gaeilge Mheiriceá Thuaidh

A Chairde,

Go raibh maith agaibh as ucht bhur moltaí agus smaointe a chur in iúl ar fisghaeilge.blospot.com le déanaí. Léiríonn na moltaí a rinneadh ar an mblogspota go bhfuil spéis áirithe ann maidir leis an Ghaeilge agus forbairt na Gaeilge i Meiriceá Thuaidh.

Is féidir na moltaí a rinneadh a léamh ar
fisghaeilge.blogspot.com, ach seo a leanas achoimre ar na moltaí sin;

  • …go reáchtálfaí Tionól na Gaeilge Idirnáisiúnta go bliantúil in Éirinn le hionadaithe ó: na Stáit Aontaithe; an Bhreatain; Mór-roinn ná hEorpa; an Astráil; Ceanada; An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus eagraíochtaí éagsúla cur-chun-chinn na teanga in Éirinn. Go ndréachtfaí an rún seo mar litir, sínte go leictreonach ag na daoine a d’fhreastail ar “Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh” agus an litir a sheoladh chuig an gCoiste Dála atá ag ceapadh plean 20 bliain le sochaí dhátheangach a chruthú in Éirinn.

  • …go mbeadh duine faoi leith ceaptha mar Ambasadóir na Gaeilge Idirnáisiúnta, chun an Tionól bliantúil a stiúradh, chun freastal ar oireachtais agus cruinnithe eile (mar shampla “Oireachtais Cheanada”) i dtíortha éagsúla agus chun idirghabháil a dhéanamh go ginearálta idir ghrúpaí taobh amuigh agus taobh istigh d’Éirinn.

  • …oifig lárnach a bhunú in áit scátheagras. Moltar an oifig sin a bheith lonnaithe sna Stáit Aontaithe le freastal ar choistí timpeall na tíre.

  • …scáthghrúpa a bhunú

  • …an comhrá seo a choinneál beo ar shuíomh daltaí.com nó ar scoilgaeilge.org/liosta nó ar shuíomh philo-celtic.com

  • …Moltar gan scáthghrúpa nó oifig lárnach a bhunú. Moltar a bheith ag plé le heagraíocht amháin ar an talamh in Éirinn seachas le scata acu nó le hoifig lárnach i Meiriceá Thuaidh.

  • …eagraíocht a chur ar fáil chun airgead a bhailiú go lárnach don Ghaeilge ionas go mbeidh daoine príobháideacha ábalta airgead a thabhairt saor ó cháin don Ghaeilge i Meiriceá Thuaidh.

Smaointe/moltaí faoin dóigh is fearr le dul chun tosaigh;
Ceaptar gur fiú glacadh leis an tairiscint a rinneadh maidir le húsáid a bhaint as an eagraíocht
www.irishlanguagefoundation.org. Tríd an eagraíocht seo d’fhéadfaí staidéar féidearthachta a dhéanamh ar na;

  • foinsí tacaíochta príobháideacha, corparáideacha agus stáit a bheadh ar fáil don Ghaeilge sna Stáit Aontaithe.
  • an fiúntas, nó a mhalairt, a bhaineadh le hOifig Lárnach don Ghaeilge a bhunú le haghaidh forbairt na Gaeilge a mheas.
Ba ghá Bord Stiúrtha a cheapadh a rachadh i mbun an staidéir seo agus seans go mbeadh spéis ag rannóg stáit anseo in Éirinn tacaíocht a chur ar fáil don staideár seo. Ceaptar gur fiú idir 6-10 duine a cheapadh ar an gcoiste seo ar feadh tréimhse nach rachadh thar bhliain amháin.

D’fhéadfadh an grúpa seo tuairisc a ullmhú ar thorthaí a gcuid oibre. Bhainfí úsáid as modhanna teileachumarsáide leis an obair seo a chur chun tosaigh, don chuid is mó. Beidh Glór na nGael sásta an obair seo a éascú agus suíochán a ghlacadh ar an bhfondúireacht, ach beidh ar dhaoine, nó eagrais, bheith sásta iad féin a chur ar fáil freisin.

Ceann de na moltaí a rinneadh níos minicí ná aon mholadh eile faoin gcomhdháil “Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh” ná gur thug sí deis do dhaoine aithne a chur ar a chéile agus foghlaim óna chéile. Bunaithe ar an aiseolas seo ceaptar gur fiú Comhthionóil Ghaeilge a reachtáil thar deireadh seachtaine áit éigin dhifriúil sna Stáit Aontaithe gach dara bliain i mí Bealtaine. Bheadh sé mar aidhm ag an gComhthionól seo daoine, idir ghníomhairí agus foghlaimeoirí na Gaeilge, a thabhairt le chéile sa dóigh go mbeadh deis acu aithne níb fhearr a chur ar a chéile. Ag glacadh leis go bhfuil na Stáit Aontaithe chomh mór sin ba ghá go n-eagrófaí an Comhthionól seo in áiteanna éagsúla chuile dara bhliain. Dá gcuirfí tús leis i mí Bealtaine 2010 i mBostún d’fhéadfaí é a eagrú ar chósta eile na tíre in 2012. Dár ndóigh, bheadh ar an gcoiste/cumann áitiúil bheith sásta bheith mar pháirtnéir áitiúil. Bheadh gnéithe shóisialta, foghlamtha agus gnó mar chodanna lárnacha den deireadh seachtaine seo.

Rinneadh an pointe go láidir gur dhá thír iomlán éagsúil iad Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus dá bharr gur chóir iad a scarúint óna chéile. Mar sin moltar do na cumainn i gCeanada féachaint go géar ar na moltaí a rinneadh i leith na tíre sin. Arís, bheadh Glór na nGael sásta gach cabhair agus cúnamh a thabhairt do na moltaí a rinne Aralt Mac Giolla Cheannaigh ar an ábhar seo.

Iarrtar ar dhuine ar bith gur spéis leo na smaointe faoi Chomhthionóil Ghaeilge gach dara bhliain agus faoi www.irishlanguagefoundation.org teagmháil a dhéanamh le Daragh Ó Tuama ar daragh@glornangael.ie nó tuairimí a nochtadh ar bhlogspota www.fisghaeilge.blospot.com.
Thar cheann Glór na nGael ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa phróiseas seo. Tá súil agam nach bhfuil an comhoibriú ach ina thús.

Le meas mór
Lorcán Mac Gabhann